Chuaigh Mé 'Na Rosann

Clannad · Other Songs - Clannad

Chuaigh mé 'na Rosann ar cuairt

Gur bhreathnaigh mé uaim an spéir

Is thart fá na h-oileáin ó thuaidh

Mar eilit agus cú 'na diaidh

Sé dúirt gach duine fá'n chuan

Nuair a tharlaigh mé anuas fá'n chéidh

Nach maith a aithním ar do ghruaim

Gur fear thú a bhfuil a' tóir 'do dhiaidh



Casadh dom a' cailín deas óg

Ach má casadh 'sí a labhair go gar

Má's fear thú a bhain do mhnaoi óig

Cha mholaim rómhór do thrade (cheird)



Chonnaic mé fear ar thír mór

'S é ag siúl gan bhróg inné

Is dóigh liom gur thusa 'n fear óg

'S go bhfuil ort an tóir 'do dhiaidh



D'fhreagair mé 'n ainnir dheas óg

Ghlac sí go mór mo scéal

Stad de do mhagadh níos mó

Nó ní duine den tseort sin mé



Ach suigh thus' anall 'e mo chóir

Is bí thus' ar aon nós lion féin

Nó rachaidh mé os coinne do shrón'

Amach go tír mór le léim



Thit muid i dtuirse 's i mbrón

Is d'fhiafraigh an óig-bhean díom

Cá bhfuigheas muid gloine le h-ól

A thógfas an brón d'ár gcroí?



Tá teach beag ar leath-taoibh an róid

Agus coinníonn sé i gcónaí braon

Gabh thusa 'gus rappail an bord

'S ní dhíolfaidh do phócaí aon phingin



Tharlaigh muid 'steach i dtoigh 'n óil

Agus b'fhaiteach go leor mé le suí

Ar eagla go dtiocfadh an tóir

Is go mbainfí an óig-bhean díom



Nuair a fuair muid gach ní mar ba chóir

Is mheas mé gur chóir dúinn suí

Sé dúirt sí: Bí thus' ag gabháil cheoil

'S ní dhíolfaidh do phócaí aon phingin



Cha rabh mis' i bhfad ag gabháil cheoil

Gur chruinnigh go leor 'un toigh'

Achan fhear is a ghloine 'n a dhorn

Le comhmóradh a thabhairt don dís



Bhí biotáilte fairsing go leor

A rabh beagán dá ól sa tír

'S dá dtarraingeoinn-se galún Uí Dhomhnaill

B'fhurast mo scór a dhíol



Nuair a lig muid dúinn tuirse is brón

Sé d'fhiafraigh an óigh-bhean díom

Cá mbíonn tú 'do chónaí sa lá

Nuair nach gcoinníonn tú cró duit féin?



Bím-se seal 'dtoigh an óil

Cha deánaim-se lón don phingin

A' meid údaidh a shaothraím sa lá

A chathamh le spórt san oích'



Má's fear thú a leanas don ól

Cha mholaim rómhór do thrade

Nó chan iarrfainn ar dhuine de do sheort-sa

Toiseacht le buaidhreadh an tsaoil



Is fearr dúinn fanacht go fóill

Go ndeánaidh muid lón don phingin

Is go rabh againn an t-ór

Is cuidiú d'ár gcóir aríst



Le fanacht go ndeánaidh muid lón

Caithfear cuid mhór d'ár saol

Is fearr dúinn toiseacht go h-óg

'S beidh cuidiú d'ár gcóir aríst



Do leithéid char casadh go fóill

Dom i mbealach ná i ród 'mo thriall

'S dá mbeinn-se i mBéal-an-Átha Mór

Gheobhainn cailíní óg' ar phingin