Codail A Linbh

Anuna · Other Songs - Anuna

Adhraim mo leanbh beag tagth' ar an saol

Codail, a linbh, go sámh

Adhraim a laige, a loime nocht faon

Codail, a linbh, go sámh



Inis, a ghrá, liom, id' luí sa mhainséar

Inis cén fath dhuit bheith sínte san fhéar

Is tú coimhde na ngrásta 'gus Íosa, Mac Dé

Codail, a linbh, go sámh

Codail, a linbh, go sámh



A Mhuire, a mhathair's a bhuime mhín tséimh

Codail, a linbh, go sámh

Is mé coimhde na ngrásta 'gus Íosa, Mac Dé

Codail, a linbh, go sámh



Ach go beo bocht a tháinig le mian ar an saol

Chun deoraithe fánacha a shaoradh ón éag

Is nuair 'chrochfar in airde mé claonfaid chugam féin

Codail, a linbh, go sámh

Codail, a linbh, go sámh