Fuigfidh Mise'n Baile Seo

Anuna · Cynara [2001]

Fuígfidh mise an baile seo mar tá sé dúghránna

'S rachaidh mé go Connachta nó siar go Laighean Uí Eára

An áit a bhfaighidh mé póg ó mo stór is míle fáilte

Sealabhán deas bó is cead mo phósadh ar a' táiliúir



A Mhuire nach mé an truaighe 's mé póst ar a' sclábhaí

Nach ligeann amach 'un Aifrinn mé lá saoire nó Dé Domhnaigh

Nach dtéann go tigh a' leanna 's nach n-ólfadh gine óir liom

'S nach dteannfadh lena chroí mé mar dheanfadh buachaill óg mé



An áit a bhfaighidh mé póg ó mo stór is míle fáilte

Sealabhán deas bó is cead mo phósadh ar a' táiliúir



Pósadh go hóg mé mar gheall ar na puntaí

Lán mo dhá laimh is níor shásaigh sé 'riamh m'intinn

Nach trua nach dtig an reacht amach mar 'tá ar bha 's ar chaoirigh

An té nach dtaitneodh an margadh leis a sheoladh ar ais 'un aonaigh



Fuígfidh mise an baile seo