The First Day

Anuna · Anuna 2002 [2005]

Stiúraigh mé dod' mholadh

Cé nach ollamh mé um éigse

A ghnúis ainglí gan locht

Thug sú t'ochta dom réiteach

Tiomnaim mé fad' chomairc

A bhuime mhúirneach an Aen-mhic

Is fá do scéith díon mo chorp

Mo chroí, mo thoil is mh'éifeacht

A theampaill na dtrí bpearsan

Athair Mac is Naomh Spioraid

Guím thú dom fhurtacht

Uair mo bhreatha is mh'éaga

A Rioghain, dá dtug an Rí

An tAthair, síorbhuíochas

Óigheacht is bheith ad'mháthair

Gabhaim do pháirt dom réiteach

A shoithig iompair an lóchrainn

A ró-shoillse os cionn gréine

Tarraing mé fad' dhíon i gcuan

As loing diomuan an tsaoghail

A Mhuire mhodhail, mhaiseach

Is ceannsa, cneasta, maorga

Ní tuirseach mé fad' ghairm

'Stu mo chrann bagair lá an bhaoghail