The Rising Of The Sun

Anuna · Essential Anuna [2005]

Cearc agus coileach a d'imí' le chéile

Shiúladar Éire go briseadh a gcroí

Is chuadar go Gailimh le héirí na gréine

Gur cuireadh an péire isteach ag an dlí



'S ag Uiliam Ó hUileáin a bhí siad ar féar

D'ith mónóga sléibhe 'gus chodail sa bhfraoch

Gur tháinig an sirriam go lúfar's go haerach

Is scuab sé an péire isteach go B'l'Áth'n Rí



Dá bhfeicfeása 'n coileach lá aonaigh sna sráide

Hata breá laistiar is lámhainní buí

Ceithre spor fhada den airgead Spáinneach

'Gus fuip ina láimh 's é 'tiocht mar an rí



Thug siad isteach é gur scar siad a chnámha

'S gur chaith siad an lá sin sách spóirtúil go leor

'S nárbh fhearr dóibh an spóilín a cheannach ar fónamh

Ná an chaoi 'ndeachaigh a gcáil ar fud Chontae Mhaigh Eo